Líne Rúnda SFPA
Tá muinín tomhaltóirí i gcáilíocht, i bhfoinse agus i sábháilteacht tháirgí bia mara na hÉireann mar bhonn agus mar thaca ag cáil agus ag rathúlacht na hearnála ar a bhfuil go leor geilleagair chósta ag brath.
Má tá aon imní ort maidir le rialú iascaigh, calaois bhia mara agus/nó sábháilteacht bia mara déan teagmháil linn le do thoil trínár mbealaí Líne Rúnda.
Cad is féidir liom a thuairisciú?
Sábháilteacht Bia
Má tá gearán agat maidir le nimhiú bia amhrasta, imní faoi chaighdeáin sláinteachais gnó bia, réad coimhthíoch a aimsiú i do bhia nó imní faoi lipéadú maidir le táirge iascaigh ceannaithe agat.
Calaois Bia
Déantar Calaois Bhia nuair a chuirtear bia ar an margadh go mídhleathach d’fhonn an custaiméir a mhealladh, ar mhaithe le gnóthachan airgeadais de ghnáth. I measc na samplaí de chalaois bhia tá;
- Mílipéadú ar bhia
- Ráitis bhréagacha a dhéanamh
- Díol bia a d’fhéadfadh a bheith díobhálach
Rialú Iascaigh
Gníomhaíocht a bhaineann le hiascaireacht mhara a chreideann tú a bheith amhrasach, mídhleathach nó a d’fhéadfadh a bheith díobhálach do stoic éisc. Féadfaidh siad seo teacht faoi na catagóirí thíos;
- Ceadúnú Mara
- Rialú Iascaigh
- Caomhnú Mara
Conas is féidir liom tuairisc a dhéanamh?
Is féidir leat tuairisc a dhéanamh ar roinnt bealaí.
Agus tuairisc á déanamh tabhair a oiread sonraí agus is féidir, mar shampla;
- Cur síos ar árthach/gnó, an ghníomhaíocht agus an suíomh agus an t-am
- An bhfuil a fhios agat cé atá ag déanamh an ghníomhaíocht?
- An bhfaca tú féin an ghníomhaíocht seo?
- An bhfaca tú an ghníomhaíocht seo ag tarlú roimhe seo?
- Cé chomh minic a tharlaíonn sé?
Ar mhaith leat do shonraí teagmhála a fhágáil?
Níl sé éigeantach do shonraí teagmhála a fhágáil ach d’fhéadfadh sé go mbainfeadh an tOifigeach Cosanta Iascaigh Mhara (OCIM) leas as a bheith in ann teagmháil a dhéanamh leat faoin tuarascáil. Má shocraíonn tú do shonraí teagmhála a fhágáil coimeádfar faoi rún iad de réir threoirlínte GDPR.
Cad a tharlaíonn tar éis dom tuairisc a dhéanamh?
Seolfar an tuarascáil chuig an gcalafort ábhartha agus déanfaidh na hOCIManna imscrúdú. D’fhéadfadh cigireacht, agallaimh, samplaí a bheith á dtógáil agus/nó trealamh agus taifid a bheith san áireamh san imscrúdú. Ag brath ar thoradh an imscrúdaithe féadfar bearta forfheidhmithe a ghlacadh.
Comhairle Tomhaltóirí
Is é Comhairle Tomhaltóirí maidir le sábháilteacht bia agus itheachán sláintiúil ról Safefood ar comhlacht uile-oileáin é. Is féidir teagmháil a dhéanamh leo tríd a shuíomh gréasáin.