Home  /  What We Do  /  Corporate Affairs  /  Customer Service  /  Gearáin
IN THIS SECTION

Conas Gearán a Dhéanamh le ÚCIM

Má fheictear duit, mar úsáideoir seirbhíse/ball den phobal, gur caitheadh leat go míchothrom nó go míréasúnta maidir le forfheidhmiú dhlí an iascaigh mhara nó na sábháilteachta bia ag ball foirne nó gníomh ar bith de chuid an Údaráis um Chosaint Iascaigh Mhara (ÚCIM), tá tú i dteideal gearán a dhéanamh. Tá córais bunaithe againn chun sin a éascú.

D´fhéadfadh ceithre rogha a bheith agat:

  • Réiteach áitiúil neamhfhoirmeálta
  • Gearán sonrach foirmeálta atá le fiosrú ag ÚCIM
  • Agairt fhoirmeálta sheirbhísí an Oifigigh neamhspleách do Ghearáin, a ceapadh faoi Alt 49 den Acht Iascaigh Mhara agus Dlínse Muirí
  • Scrúdú foirmeálta gearáin ag Ombudsman an Rialtais

Tabhair do d´aire: Faoi fhorálacha Ailt 49 den Acht Iascaigh Mhara agus Dlínse Muirí, ní mór gearáin a dhéanamh leis an Oifigeach do Ghearáin laistigh de thréimhse de 28 lá ó tharla an eachtra.

Bíonn ÚCIM ag iarraidh a chuid feidhmeanna a chur i gcrích ar bhealach gairmiúil agus tá sé faoi réir ag an Acht Ombudsman (Leasú) 2012. De réir an Achta, beidh oifig an Ombudsman údaraithe chun gearáin a scrúdú a eascraíonn as aon ghníomh a dhéantar ag nó ar son gníomhaireachta rialtais agus í i mbun feidhme riaracháin, nuair a tharla an gníomh tar éis 1 Bealtaine 2013. Bíonn iachall ar ghearánach triail a bhaint as modh déanta gearáin ar fad ÚCIM sula ndéantar teagmháil leis an Ombudsman.

Déanann an treoir dhea-chleachtais eolas d´fhoireann ÚCIM, agus treoraítear aici iad: seo cuid den treoir:

Is féidir, áfach, go dtiocfaidh cásanna chun cinn mar a mothaíonn daoine míshásta mar gheall ar ghníomh de chuid ÚCIM maidir le forfheidhmiú cé acu dlí iascaigh mhara nó sábháilteachta bia. Tá modh déanta gearán bunaithe ag ÚCIM, mar sin de, a sholáthraíonn córas éifeachtach agus iontaofa chun gearáin a dhéanamh, bunaithe ar threoir a sholáthraítear ag an Ombudsman faoi chórais inmheánacha láimhseála gearán, agus ar na dualgais a bhaineann le hAlt 49 den Acht Iascaigh Mhara agus Dlínse Muirí, 2006.

Cumarsáid Áitiúil ag am na heachtra

Is minic gur cliseadh cumarsáide is cúis le gearáin. Moltar go ndéanfadh gearánach iarracht, i dtús báire, réiteach a lorg ag an Oifig Phoirt áitiúil inar tharla na heachtraí a bhaineann leis an ngearán. Ar dtús is féidir go mbeadh cumarsáid dhíreach leis na hOifigigh Cosanta Iascaigh Mhara (OCIM) a chuir an forfheidhmiú i gcrích ag an am gur tharla an eachtra; is féidir go mbeadh a leithéid tairbheach maidir leis na ceisteanna a tháinig chun cinn a réiteach ag leibhéal áitiúil. Is minic gurb é modh na cumarsáide dírí, oscailte ag an am gur tháinig an eachtra chun cinn an cur chuige is fearr do chách.  Ba chóir go n-iarrfadh daoine a mhothaíonn míshásta mar gheall ar ghníomhartha phearsanra ÚCIM ar bith, soiléiriú breise a iarraidh ón duine sin, ar bhonn tráthúil, i dtaca le bunús na ngníomhartha a rinneadh nó ceisteanna eile imní a síltear iad a bheith ann. Is féidir ionchur a iarraidh ó Oifigeach Sinsearach Poirt ÚCIM atá freagrach as an réigiún inar tharla an eachtra, chun cabhrú le teacht ar réiteach. Is féidir gearáin a dhéanamh ar son duine aonair ag a nEagraíocht Táirgeoirí nó ag eagraíocht aitheanta ionadaíoch eile.

Más é tuairim an ghearánaigh nach bpléitear go sásúil lena ngearán ag an Oifigeach Sinsearach Poirt, moltar go gcuirfí an gearán ar aghaidh chuig Príomhoifig ÚCIM (féach na sonraí teagmhála thíos).

Is féidir le gearánach a ngearán a chur díreach ar aghaidh chuig Príomhoifig ÚCIM freisin, gan ionchur ón Oifigeach Sinsearach Poirt atá lonnaithe san áit inar tharla an eachtra. Moltar go láidir, áfach, go ndéanfaí gearáin a réiteach go háitiúil, más féidir sin in aon chor. Mura réitítear an gearán go háitiúil, is féidir leis an ngearánach a ngearán a chur ar aghaidh chuig Príomhoifig ÚCIM.

 

Conas gearán a dhéanamh le Príomhoifig ÚCIM

Is féidir gearán scríofa a chur faoi bhráid ÚCIM, tríd an bpost nó trí ríomhphost chuig an bpríomhoifig:

ÚCIM, Gearáin,

An tÚdarás um Chosaint Iascaigh Mhara, Bóthar na Páirce,

An Cloichín, Cloich na Coillte, Contae Chorcaí, P85 TX47.

Nó trí ríomhphost: sfpacomplaints@sfpa.ie

 

 

Ba chóir go mbeadh ainm, seoladh agus sonraí teagmhála eile an ghearánaigh mar chuid den ghearán, in éineacht le hábhar an ghearáin, dáta na heachtra san áireamh, chomh maith le haon sonraí ábhartha eile. Is féidir gearáin a dhéanamh ar son duine aonair ag a nEagraíocht Táirgeoirí nó ag eagraíocht aitheanta ionadaíoch eile.

Aithneoidh ÚCIM go bhfuarthas an gearán laistigh de thréimhse de chúig lá oibre, ag tabhairt le fios go bhfuil sé de cheart ag an ngearánach gearán a dhéanamh leis na Oifigeach do Ghearáin Ailt 49, nuair a bhaineann sin le hábhar. Caithfidh ÚCIM leis an ngearán agus aird chuí á tabhairt ar phríobháideachas agus ar rúndacht an ghearánaigh. Scrúdóidh ÚCIM na heachtraí sin a bhaineann leis an ngearán. Cuirfear an fiosrúchán i gcrích ag baill phearsanra eile de chuid ÚCIM nach iad na daoine sin a raibh baint acu leis na heachtraí as a dtáinig an gearán chun cinn. Mar chuid den fhiosrúchán sin, is féidir go mbeidh ÚCIM ag lorg faisnéise nó soiléirithe bhreise ón ngearánach. Mura bhfuil Oifigeach do Ghearáin Ailt 49 páirteach sa phróiseas, i ngnáthchásanna tabharfaidh ÚCIM freagra ar an ngearánach le toradh an fhiosrúcháin sin laistigh de thréimhse de 10 lá ó fhaightear an gearán.

Is féidir le gearánaigh na hadmhálacha riachtanacha a bhaineann leis an ngearán a chur faoinár mbráid, agus aisíocfar ag ÚCIM iad.

 

Conas gearán a dhéanamh faoi Alt 49 den Acht Iascaigh Mhara agus Dlínse Muirí 2006

Tá oifigeach do ghearáin ceaptha ag ÚCIM ó taobh amuigh den Údarás chun breithniú a dhéanamh agus tuairisc neamhspleách a thabhairt faoi ghearáin a dhéantar faoi Alt 49 den Acht. Is féidir gearán scríofa a chur faoi bhráid an Oifigigh do Ghearáin tríd an bpost chuig an seoladh seo a leanas:

Stephen O’Donoghue B.L.

18 Sráid Washington,

Corcaigh,

T12 EWR5

 

Ní féidir le gearáin faoin ngnáthamh seo baint a bheith acu ach amháin le forfheidhmiú an dlí iascaigh mhara nó sábháilteachta bia. Is féidir le gearánaigh gearán a dhéanamh leis an Oifigeach do Ghearáin Ailt 49 ag aon chéim laistigh de thréimhse 28 lá den imeacht. Is féidir gearáin a dhéanamh ar son duine aonair ag a nEagraíocht Táirgeoirí nó ag eagraíocht aitheanta ionadaíoch eile.

Is féidir leis an Oifigeach Gearáin Ailt 49 eolas breise a lorg ón ngearánach nó ó ÚCIM, agus ansin eiseoidh sé/sí tuairisc don Údarás laistigh de thréimhse 3 mhí ó fhaightear an gearán i ngnáthchásanna. Cuirfidh ÚCIM an tuairisc sin san áireamh agus cuirfidh sé in iúl don ghearánach agus don Oifigeach do Ghearáin Ailt 49 maidir leis an gcinneadh atá déanta aige/aici i leith na ceiste laistigh de thréimhse 10 lá oibre ó fhaightear an gearán i ngnáthchásanna.

Cuireann Alt 49 den Acht cosc sonrach ar bhreithniú a dhéanamh faoi ghearán faoin alt sin má bhaineann ábhar an ghearáin le haon cheist atá faoi réir ag imeachtaí cúirte os comhair cúirte nó binse eile, nó má tá sé faoi réir ag gearán don Ombudsman nó achomharc don Choimisinéir Faisnéise.

Is féidir le gearánach a ngearán a chur díreach ar aghaidh chuig Oifigeach do Ghearáin Ailt 49 laistigh de thréimhse de 28 lá má bhaineann an gearán go sonrach le forfheidhmiú an dlí iascaigh mhara nó sábháilteachta bia. Moltar, áfach, go gcuirfí an gearán ar aghaidh chuig Príomhoifig ÚCIM, agus is féidir leo siúd fiosrú a dhéanamh más amhlaidh gur féidir an gearán a réiteach ag an bpointe sin sula gcuirtear é ar aghaidh chuig an Oifigeach do Ghearán Ailt 49. Má shocraítear go mbaineann an gearán go sonrach le forfheidhmiú an dlí iascaigh mhara nó sábháilteachta bia, cuirfidh ÚCIM an gearán ar aghaidh chuig an Oifigeach do Ghearáin Ailt 49.

Má bhaineann gearán le comhad a cuireadh chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, scrúdóidh an tOifigeach do Ghearáin Ailt 49 an gearán, agus iad ag cinntiú nach ndéanann na sonraí a soláthraíodh dochar d´imeachtaí cúirte sa todhchaí.

Má bhaineann an gearán go sonrach le feidhmeanna riaracháin ÚCIM agus mura réitítear é le linn fiosrúchán ag Príomhoifig ÚCIM, tá sé mar rogha ag an ngearánach an gearán a chur ar aghaidh chuig an Ombudsman.

Conas gearán a dhéanamh leis an Ombudsman

Mura réitítear gearán ag modhanna láimhseála gearán ÚCIM, agus má bhaineann an gearán le gníomhartha riaracháin ÚCIM, is féidir leis an ngearánach a ngearán a chur ar aghaidh chuig oifig an Ombudsman tríd an bpost chuig:

Oifig an Ombudsman

6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773
Teil: 01 639 5600

Ní mholtar go ndéanfadh gearánach teagmháil dhíreach le hoifig an Ombudsman lena ngearán a fhiosrú gan leas a bhaint as modh láimhseála gearán ÚCIM. Má dhéanann gearánach teagmháil dhíreach le hoifig an Ombudsman, cuirfidh foireann an Ombudsman ceist air/uirthi más amhlaidh gur lean sé/sí modh láimhséala gearán ÚCIM – iarrfar ar an ngearánach modh láimhseála gearán ÚCIM a leanúint ar dtús. Mura réitítear an gearán le linn modh láimhseála gearán ÚCIM, ansin scrúdóidh an tOmbudsman an gearán le cabhair ÚCIM. Ní dhéanfaidh an tOmbudsman breithniú faoi ghearán má bhaineann ábhar na ceiste le haon cheist atá faoi réir ag imeachtaí cúirte.

Oifig an Ombudsman do Leanaí Más leanbh nó duine óg faoi bhun 18 mbliana d´aois, nó duine fásta a bhfuil aithne agat ar leanbh a bhfeictear duit gur caitheadh go míchothrom leo, nó mura bhfuil tú sásta lenár gcinneadh maidir le do ghearán, is féidir leat teagmáil a dhéanamh le hOifig an Ombudsman do Leanaí.  De réir an dlí, is féidir le hOifig an Ombudsman do Leanaí fiosrúchán a dhéanamh faoi ghearáin maidir le haon cheann d´ár gcuid gníomhartha nó gnáthamh riaracháin chomh maith le moill nó easpa gnímh a tharla agus iad ag plé linn. Soláthraíonn an tOmbudsman do Leanaí seirbhís láimhseála gearán atá neamhchlaonta, neamhspleách agus saor in aisce.

Oifig an Ombudsman do Leanaí
Teach na Mílaoise,

52-56 Sráid na Trá Móire,
Baile Átha Cliath 1, D01F5P8

Saorfón: 1800 20 20 40
Rphost: ococomplaint@oco.ie